Bhíodh a fhios agam i gcónaí go dtiocfadh an t-am seo...an t-am nuair a déarfadh an dochtúir súile: "Tá brón orm, a Audrey, ach...tá "bifocals"(spéaclaí défhócasach) uait."
Arghhh! Ní raibh mé sasta sin a cloisteáil ar chór ar bith! Is fuath liom bifocals..."spéaclaí seandaoine", mar a shmaoinigh mé. Ach mhol an dochtúir lionsaí nua "progressive"(bifocals gan línte), agus duirt mé go dtriailfinn iad.
Fuair mé mo spéaclaí nua inné, agus, rud a chuir mo shá iontais, is maith liom iad! Bhí beagáinín meadhrán orm ar dtús, ach anois, tá siad an-chompordach (agus is féidir liom cló beag a léamh arís!)
Cheannaigh mé bronntanas dom féin chomh maith an deireadh seachtaine seo caite. Chaith mé dhá uair ag REI i Mountain View ag triail málaí droma. Shiúil mé ar fud an siopa -- suas an staighre agus síos an staighre -- arís agus arís eile, le fíche phunt ar mo dhroim, ag triail an mála foirfe a earcú. Faoi dheireadh, roghnaigh mé an ceann seo:
http://www.rei.com/product/757778
Is breá liom é. Tá sé an-chompordach, agus tá go leor spáis istigh ann. Béarfaidh mé é liom mar bagáiste ar mo thuras go hÉirinn an samhradh seo chugainn.
Ó! Rinne mé dearmad (beagnach)! Tá nuacht úr faoi mo thuras go hÉirinn! Nuair a scríobh mé go deireannach faoi an turas seo, bhí mo phlean dhá sheachtain a caitheamh in Éirinn, agus ansin d'fillfinn abhaile. Ach, cúpla mí o shin, ghlaoigh tuismitheoirí Tony, agus duirt siad linn: "Ba bhreá linn dul ar cúrsáil libh an samhradh seo chugainn...go na hOileáin Gréagacha!" Imeoidh an chúrsáil ó An Róimh ar 11 Iúil...amhlaidh caithfidh mé trí sheachtain is leath in Éirinn agus, ina dhiaidh sin, eitleoidh mé go dtí An Róimh go díreach. Audrey bocht!

Beidh mé i mBaile Uí Bheacháin le seachtain amháin, i nGleann Choilm Cille le dhá sheachtain, agus i mBaile Átha Cliath le ceithre lá. Sílim go mbeadh an turas seo mar brionglóid! Is bean ádhúil mé, cinnte!